An Seú Bhliain



Ainm an dalta :        _________________________________

Páipéar 1: (160 marc)

Seachtain 1
Cluastuiscint  (60 marc)
     
Ceisteanna Coitianta
      Foclóir le foghlaim


Ceapadóireacht  (100 marc) (Freagair dhá cheist)

Nathanna Cainte
Freagraí Samplacha

Páipéar 2: (200 marc)

Seachtain 2

Léamhthuisicnt (100 marc)
     
Ceisteanna Coitianta
      Foclóir le foghlaim

Prós  (50 marc)

Achoimre ar gach scéal     
Freagraí Samplacha

Seachtain 3

Filíocht (50 marc)

Achoimre ar gach dán
Freagraí Samplacha

Aon chuid eile den pháipéar atá ag teastáil










An Chluastuiscint (60 marc)


Cad/ Céard ?
Cé ?
Cén fath?/ Cad chuige? / Tuige ?
Cén áit?
Cén uair/ t-am?
Cén sort/saghas/cinéal?
Cá ?
Cén ceann ?
Conas/ Cén chaoi?
Cé mhéad ?
Cén praghas?
Cén costas?
Cad é fad an/Cén fhad?
Cad a bheidh ar siúl ?
Luaigh eachtra amháin
Cén áit inár rugadh é ?
Cén contae?
Líon na ndaoine
Cad a bronnadh ar an duine?
Cén Bord Stáit    ?
Cé acu ráiteas díobh seo atá fíor ?
Cad é an dáta deireanach?
Cén ollscoil ?
An ghairm bheatha/ post
Ainmnigh dream amháin
Cén duais?
Cá fhad?
Cén tslí / bhealach?
Cén chúis?
Cé acu?
Cén pá?
Cén toradh?
Cén scil  ?
Cén seoladh  ?
Cén chomhairle ?
Cén ollscoil  ?
Cén comhlacht?
Eagraíochtaí agus Seirbhisí
Bord na Gaeilge
Conradh na Gaeilge
Gael Linn
Glór na nGael
Raidió Teilifís Éireann
Raidió na Gaeltachta
Bus Éireann
Telecom Éireann
Údarás na Gaeltachta
Raidió na Life 
An Chomhairle Ealaíon  
An Gúm    
An Roinn Dlí agus Cirt 
An Gúm Publishers
Aonach Earcaíochta
Cathaoirleach 
Ceannasaí 
Coiste Réigiúnach
Coistí Forbartha
Comhar Creidmheasa 
Comharchumann Turasóireachta - Earcach/earcaigh    - Recruit/recruits Feidhmeannach/feidhmeannaigh - Official/officials Gael Linn
Glór na nGael
Ionad Fiontair  
Ionad Pobail
Ionadaí
Oifigeach Caidrimh Poiblí Oifigeach/oifigigh pearsanra
Printíseach/printísigh 
Rannóg na gCeapachán
Rúnaí
Taibhdhearc na Gaillimhe
TG4  
Údarás na Gaeltachta
Coláiste Teicniúil/teicneolaíochta
 Spriocdháta
Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
Téarmaí a bhaineann le postanna
Taithí ríomhaireachta  
Ceapachán   
Iarratais   
Cáilíochtaí    
Líofacht/líofa sa Ghaeilge 
Pearsantacht thaitneamhach
Scileanna rúnaíochta
Cairdiúil  
Taithí riaracháin 


Daoine cailiúla


An Taoiseach


An t-Aire    


Príomhaire na Breataine 


An t-Uachtarán  


Áiteanna

An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Roinn na Gaeltachta agus na nOileáin
An Roinn Iascaigh agus Foraoiseacha
An Roinn Gnóthaí Eachtracha
An Roinn Leasa Shoisialaigh
An Roinn Airgeadais
An Roinn Comhshaoil
Caisleán Bhaile Átha Cliath
Faiche An Choláiste
Teach Laighean
Aras an Úachtaráin
Tithe an Rialtais
Sráid Uí Chonaill
Sráid Chill Dara
Páirc an Fhionnuisce
Coláiste na Trionóide
Ollscoil Chathair Átha Cliath (DCU)
Coláiste na hOllscoile, BÁC (UCD)
Contaetha
Cúige Chonnacht 
Liatroim
Maigh Eó
Ros Comáin
Sligeach 
Gaillimh
Cúige Laighean
An Iarmhí
An Mhí
Baile Átha Cliath 
Ceatharlach
Cill Chainnigh
Cill Dara 
Cill Mhantáin
Laois 
Loch Garman
Longfort 
Lú 
Uíbh Fháilí
Cúige Uladh
Ard Mhacha
An Cabhán
Doire 
Antroim
Dún na nGall
Fear Manach
Muineachán
Tír Eoghain
AnDún
Cúige Mumhan
An Clár
Ciarraí
Corcaigh
Luimneach
Port Lairge
Tíobraid Árann
Spórt
Réiteoir
Cluiche ceannais
Cluiche leath cheannais
Foireann
Bonn óir
Bonn airgid
Bonn cré umha
Duais  
Urraíocht 
Laethanta na seachtaine
An Luan/ Dé Luain   
An Mháirt/ Dé Máirt   
An Chéadaoin/ Dé Céadaoin
Déardaoin  
An Aoine/ Dé hAoine
An Satharn/ Dé Sathairn
An Domhnach/ Dé Domhnaigh
Míonna na bliana
Eanair
Féabhra
Márta
Aibreán
Bealtaine
Meitheamh
Iúil
Lúnasa
Meán Fómhair
Deireadh Fómhair   
Samhain     
Nollaig    
Uimhreacha
1-a haon
2-a dó
3- a trí
4- a ceathair
5- a cúig
6-a sé
7- a seacht
8- a hocht
11- a haon déag
30- tríocha 
31- tríocha a haon                                 
Daoine
duine
beirt 
triúr   
ceathrar 
cúigear 
seisear 
seachtar 
ochtar


aon dhuine dhéag
dhá dhuine dhéag
seacht nduine dhéad
fiche duine
duine is fiche
tríocha duine
duine is tríocha
Dátaí
an chéad lá
an dara lá
an tríú lá
an ceathrú lá
an cúigiú lá
an séú lá
an seachtú lá
an t-ochtú lá
an t-aonú lá déag
an dara lá déag
an fichiú lá
an t-aonú lá is fiche
an tríochadú lá
an t-aonú lá is tríocha
Abhair scoile
Fraincis
Gearmáinís
Spáinnis
Iodáilis
Creideamh
Eolaíocht
Tíreolaíocht
Teicneolaíocht
Adhmadóireacht
Miotalóireacht
Stair
Corpoideachas
Líníocht Theicniúil
Ealaín 
Liosta poist
Múinteoir 
Feirmeoir 
Meicneoir 
Bainisteoir
Leictreoir 
Láithreoir 
Léiritheoir 
Iriseoir 
Tuairisceoir
Cuntasóir
Dlíodóir
Innealtóir
Feidhmeannach   
Ceanntálaí    
Tógalaí     
Fear/ bean gnó   
Feastalaí     
Tréidlia    
Na Gaeltachtaí
Conamara
An Cheathrú Rua
Inis Óirr 
Inis Mór 
Inis Meáin
Baile na hAbhann
Indreabhán 
Ros Muc
Casla 
Baile Bhuirne
An Daingean
Baile an Fhéirtéaraigh   
Trá Lí     
An Rinn    
Dún Garbhán    
Tír Chonaill    
Gaoth Dobhair    
Rann na Féirste    
Leitir Ceanainn    
Béal Feirste    
Ráth Chairn   








































Ceapadóireacht (100 marc)

(A)  Alt / Blag

Blag – An Teilifís, Is breá liom é

Is mise ______ agus is breá liom a bheith ag féachaint ar an teilifís
Ar an gcéad dul síos,bím ag féachtaint ar gach oíche nuair a chríochnaím m’obair bhaile. Taitníonn gach saghas cláir liom. Pé scéal é, is é ________ an clár teilifíse is fearr liom. Is é mo bharúil go bhfuil an clár sin suimiúil agus corraitheach. Uaireanta bíonn sé greannmhar chomh maith. Chun na fírinne a rá, tá an clár bunaithe ar _______. Ceapaim go bhfuil an clár bunaithe i ________. Is é/iad__________ an príomhchrachtair sa chlár. Níl aon amhras ach go bhfuil siad iontach ag aisteóireacht. Creid é nó ná creid, tá an clár réadúil agus bíonn sé ar siúl trí uair sa tseachtain. Caithfidh mé a rá go bhfuil greann le mothú go láidir sa chlár. Thosaigh an clár cúpla bliain ó shin agus tá sé ag dul ó neart go neart.
Níl a lán ama agam le féachaint ar an gclár teilifíse is fearr liom i mbliana mar tá mé sa seú bhliain agus caithfidh mé staidéar a dhéanamh sa tráthnóna.
Ní dóigh liom go bhfuil fóréigean sa chlár seo ach is minic a bhíonn foréigean le feiceáil ar chláracha eile Dar liom, tá a lán daoine ag féachaint ar chláracha teilifíse ar an ríomhaire agus ar an idirlíon anois. Níl teilifís ag teastáil.
Chomh maith leis sin, ní bhíonn daoine ag iarraidh an ceadúnas teilifíse a íoc.
Caithim a lán ama ag féachaint ar an teilifís ag an deireadh seachtaine. Tugann sé sos dom ón obair.

Blag – Spórt i mo shaol

Haigh a chairde, __________ anseo. Taitníonn spórt go mór liom. Pé scéal é, is é ________ an spórt is fearr liom. Is é mo bharúil go sé suimiúil agus corraitheach. Chun na fírinne a rá, tá spórt an-tábhachtach do mo shláinte freisin.
Caithfidh mé a rá go bhfuil suim an-mhór agam in a lán spórt difirúil. Is aoibheann liom rugbaí, peil, snámh... Caithim uair a chloig gach lá ag imirt spóirt. Imrím cluichí ag an deireadh seachtaine. Buailim le mo chairde sa pháirc agus bíonn an-chraic again ag imirt lena chéile. Chomh maith leis sin, tá tradisiún spóirt an-láidir i mo scoil.  Tá mé craiceáilte faoi spórt i ndáiríre. Tugann sé sos dom ón obair.

Tá meas agam ar Usain Bolt. Ceapaim go bhfuil sé go hiontach! Níl bréag ar bith ansin! Is laoch é! Is duine cineálta, cairdiúil, cáiliúil, saibhir agus spórtiúil é. Ar an gcéad dul síos, is luthchleasaí é. Creid é nó ná creid, ghlac sé páirt sna Cluichí Oilimpeacha agus rith sé ar nós na gaoithe. Bhuaigh sé a lán bonn óir. Is cosúil go mbíonn sé ag traenáil an t-am ar fad.  Déarfainn go bhfuil saol gnóthach aige dála an scéil. Tugann sé ionspráid do dhaoine. Is fíor sin. Céard a dhéanfaidh sé sa todhchaí? Níl tuairimí dá laghad agam ach tá súil agam go mbeidh sé ag rith sna Cluichí Oilimpeacha arís. Bhuel, sin a bhfuil uaimse.





(B)  Scéal / Giota Leanúnach

‘Bhí an choisir faoi lánseol nuair a tháinig cuid de na buachaillí ón scoil eile isteach. Ní bhfuair siad cuireadh ná cead ach bhrúigh siad an doras isteach…’

Chas mise agus mo chairde timpeall! Scread siad in ard a gcinn is a ngutha agus thosaigh siad ag damhsa agus ag léim timpeall. Bhuail siad cúpla cailín agus iad ag damhsa. Ansin, thosaigh siad troid le buachaillí eile a bhí ann. Bhris siad cuid den troscán. Chonaic mé rudaí ag dul as smacht agus mhothaigh mé buartha. Bhí a fhios agam go mbeadh mé i dtrioblóid le mo thuismitheoirí. Chuala mé an ceol ag dul in airde agus in airde agus chuaigh cuid acu amach sa ghairdín agus thosaigh troid ansin. Oíche álainn i lár an tsamhraidh a bhí ann ach bhí na buchaillí seo á scriosadh (destroying it)

Tar éis cúpla nóiméad, tháinig na Gardaí. Chuir duine de na comharsana fios orthu. Scríobh na Gardaí ainm gach duine a bhí sa teach. Rug siad ar na buachaillí a bhí ag cruthú trioblóide agus thug siad go dtí an staisiún iad. Chuir siad fios ar thithe gach duine eile. Táim a rá leat, ní mó ná sásta a bhí mo thuismitheoirí nuair a fuair siad glaoch ó na Gardaí fúm. Bhí fearg an domhain orthu liom. Ní raibh cead agam dul amach as an teach ar feadh míosa ina dhiaidh sin. D’fhoghlaim mé ceacht an oíche sin.

‘Is cuimhin liom an lá go maith. Bhí Charlie Bird agus fear ceamara as RTÉ ag fanacht taobh linn taobh amuigh den scoil…’

Bhí a fhios agam go maith cén fáth a raibh Charlie ann. Chuala sé gur bhuaigh mo mháthair Crannchur na hEorpa. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an lá sin. Chuaigh mo mháthair ag siopadóireacht sa bhaile mór agus chonaic sí fógra faoin gCrannchur. Bhí duais deich milliún ann an oíche sin. Cheannaigh sí ticéad – chaith sí deich euro ar na ticéid. Chuaigh sí abhaile agus an oíche sin nuair a bhí an clann ag féachaint ar an nuacht, chulamar Brian Dobson ag rá gur bhuaigh duine éigin i mBaile Átha Cliath Crannchur na hEorpa. Sheiceáil mo mháthair a ticéad agus ba bheag nár thit sí i laige nuair a chonaic sí a huimhreacha. Bhí sí ina milliúnaí! Bhíomar saibhir! Shochraíomar gan focal a rá le héinne faoin airgead.

Chuamar ar laethanta saoire go dtí Meiriceá ar feadh míosa. Cheannaigh m’athair agus mo mháthair dhá charr BMW. Chuir cúpla duine ceist orainn ach ní dúirt muid tada! Anois, bhí Charlie Bird ag an scoil. Cén chaoi (Conas) a fuair sé amach? Bhí mé i bponc ceart. Chas mé ar mo shála agus rith mé amach geata na scoile ar nós na gaoithe. Ní raibh mé chun mo rún a sceitheadh le héinne, go háirithe le Charlie Bird!







Nathanna Cainte

Ní raibh fonn orm aon rud a dhéanamh (I had no desire to do anything)
Ní raibh an dara rogha agam (I had no other choice)
Ní raibh duine ná deoraí le feiceáil (There was nobody to be seen)
I bpreabadh na súl (In the blink of an eye)
Thug siad íde béil dom (They gave out to me)
Baineadh geit uafásach asam (I was really scared)
Gan a thuilleadh moille (without further delay)
Bhí náire an domhain orm (I was really embarrassed/ashamed) 
Léim mo chroí le háthas (My heart jumped with happiness) 
Is ar éigean a chreid mé céard a tharla (I barely understood what had happpened) 
Bhí mé croíbhriste (I was broken hearted)
D'éirigh an ghaoth agus bhí mé préachta leis an bhfuacht (The wind increased and I was frozen with the cold)
Bhí mé gan aithne gan urlabhra (I was unconscious)
Chuala mé torann glórach, uafásach (I heard a terrible, loud noise)
Thuig mé ansin go raibh gunna aige (I understood then that he had a gun)
Dhírigh se an gunna (He aimed the gun) 
Scaoil sé urchar le... (liom, leat...) (He shot...)
Thosaigh sé ag stealladh báistí agus ba ghearr go raibh mé fliuch go craiceann (It started to pour rain and it wasn't long before I was soaked)
Lig me osna fada faoisimh (I let a long sigh of relief)
Go tobann
 An chéad rud eile ná
Tar éis tamaill
Ina dhiaidh sin
Déarfainn - I'd say
Nathanna Cainte
Déarfainn - I'd say
Creidim - I believe
Ar an gcéad dul síos - first of all
Ar aon nós - anyway
Dála an scéil - by the way
Tríd is tríd - through and through
Bhuel - well
Is fíor sin - that's true
Níl bréag ar bith ansin - there’s no lie in that
Is cosúil - it seems
Go háirithe - especially
Dáirire - really
Creid é nó ná creid - believe it or not
Go deo na ndeor - for ever and ever
Is breá liom - I like
Is aoibhinn liom - I really like
Tá mé craiceáilte faoi - I'm crazy about
Is fuath liom - I hate
Ní bheadh a fhios agat - you'd never know
Tá a fhios ag an saol - everybody knows
Níl tuairim dá laghad agam - I haven't a clue
Is oth liom a rá – I regret to say
Mar a dúirt mé cheana - as I said before
Mar shampla - for example
Go bhfóire Dia orainn - God protect us
Buíochas le Dia - thanks be to God
Sa lá atá inniu ann - nowadays
Na laethanta seo – these days
Faoi láthair - at the moment
































(C) Litir/ Ríomhphost

Text Box: 1. Seoladh
2. Dáta
3. Beannú (Greeting)
4. Tús na litreach
5. Corp na litreach
6. Críoch
7. Slán

Nathanna Cainte

       Beatha agus Sláinte ó Bhaile Átha Cliath.
       Conas atá tú / Cén chaoi ina bhfuil tú? 
       Is fada an lá ó chuala mé uait.
       Bhí an-áthas orm do litir a fháil ar maidin!
       Abair le gach duine go raibh mé ag cur a dtuairisce.
       Tá súil agam go bhfuil tú féin agus do chlann i mbarr na sláinte.
       Fan go gcloise tú mo chuid nuachta.  
       Táim ag súil go mór le litir uait. 
       Scríobh ar ais chugam chomh luath agus is féidir leat. 
       Bhuel, sin a bhfuil uaimse. Caithfidh mé imeacht anois. 
       Tá sé in am agam dul ag traenáil / mo dhinneár a ithe
       Cuir teacs nó ríomhphost chugam.
       Tá brón orm nár scríobh mé litir chugat níos luaithe
       Inseoidh mé gach rud duit nuair a thabharfaidh tú cuairt orm.
       Slán go fóill  / Slán agus beannacht










An Teach Mór Bán,
Washington,
Meiriceá.
13 Mí Aibreáin 2014

A Chairde,

Beatha  agus Sláinte ó Mheiriceá. Cén chaoi bhfuil sibh? Fan go gcloisfidh sibh mo chuid nuachta. Tá brón orm nár scríobh mé chugaibh níos luaithe ach bhí mé an-ghnóthach mar bhí fear eile ag iarraidh mo phost a thógáil. Ach tá sé ceart go leor anois mar is Uachtarán mé. (arís!)
Tá súil agam go bhfuil sibh féin agus bhur gclann i mbarr na sláinte ansin in Éirinn. An bhfuil sé ag cur báistí inniu? Chuala mé go mbíonn sé ag cur

Ní fhaca mé sibh nuair a tháinig mé go dtí Moneygall an bhliain seo caite Ceist agam oraibh a chairde..! Beidh m’iníon ag teacht go hÉirinn agus ba bhreá leí a bheith ar scoil libh ansin i mBaile Átha Cliath ach níl aon eolais aici faoin scoil nó an ceantar nó na tithe nó na daoine. Níl mé cinnte an mbeidh sí sásta ann? Labhraíonn sí Gaeilge agus imríonn sí sacar anseo ach tá sí ag iarraidh tosú ag imirt rugbaí. An bhfuil aon fhoireann sa cheantar nó ar scoil? Beidh a cara Brad ag teacht freisin ach is aoibheann leis spórt agus ceol. Tá Brad trí bliana déag d’aois agus is buachaill an-chairdiúil agus greannmhar é.

An gceapann sibh go mbeidh sí sásta a bheith in a cónaí faoin tuath nó sa bhaile mór? An bhfuil sé ciúin sa chathair? An bhfuil a lán tráchta sa bhaile mór? An bhfuil radharcanna deasa faoin tuath? An bhfuil buanna nó lochtanna ag baint leis an dá áit? Tá eagla orm go mbeidh sí uaigneach.

Bhuel sin a bhfuil uaimse anois. Caithfidh mé imeacht mar tá Aerfórsa a haon ar an mbealach. Táim ag dul go dtí Nua Eabhrac mar bhí stoirm mhór ansin agus caithfidh mé cabhrú leis na daoine ansin.
Tuigim go bhfuil sibh gnóthach ar scoil agus ag traenáil agus ag seinm ceoil agus ag breathnú ar an teilifís ach scríobh litir ar ais chugam nó cuir ríomhphost chugam ag isféidirlinn@obama.ie nó glaoigh orm b’fhéidir.

Slán go fóill agus Gaeilge go deo,

Uachtarán Mheiriceá, Barack Obama.


(D) Comhrá

Seán:    Dia d(h)uit, a Liam. Conas atá tú? Aon scéal?

Mise:    Dia is Muire duit, a Sheáin. Tá mé go maith go raibh maith agat ach tá mé ag súil go mór leis na laethanta saoire. Tá gach duine tuirseach traochta agus ag staidéar do Scrúdú na hArdteiste.

Seán:     I gceann coicíse beidh na scrúduithe thart agus beimid ag baint taitnimh as na laethanta saoire.

Mise:    Is fíor sin. A Sheáin, ba mhaith le grúpa againn dul ar saoire chun deireadh na scrúduithe a chéiliúradh. Tá eitiltí go dtí an Spáinn saor go leor faoi láthair.

Seán: 
   B’fhéidir go bhfuil ach ní bheidh mise ag dul aon áit. B’fhearr liom fanacht anseo in Éirinn agus mo scíth a ligean. Chomh maith leis sin is cuma liom mar níl an t-airgead agam ar aon nós.

Mise:    Bhuel, chuaigh mé go dtí an gníomhaire taistil agus thug sí cead dom mo rogha saoire a phiocadh agus éarlais a chur air.

Seán:    An bhfuil tú craiceáilte a Liam? Beidh ort íoc as an tsaoire go luath agus cá bhfaighfidh tú an t-airgead? Sin í an cheist.

Mise:    Éist liom nóiméad. Ta mé ag obair go dian faoi láthair agus ceapaim go dtabharfaidh mo thuismitheoirí airgead dom freisin.

Seán:    Bhuel, is cosúil nach bhfuil seans agam argóint leat ach maidir liomsa táim lánsásta fanacht anseo in Éirinn. B’fhearr liom seachtain a chaitheamh ag marcaíocht toinne/ag surfáil in Éirinn ná sa Spáinn

Mise:    Ba bhreá liom dá dtiocfá linn ach tuigim do chás. Ar aon nós tá orainn an diabhail Ardteist a dhéanamh sula rachaimid in aon áit!

Seán:    Tá an ceart agat. Bhí mé ag éirí buartha gur ag smaoineamh ar na laethanta saoire amháin atá tú!

Mise:    Á, a Sheáin, mar is eol duit táim lánsásta oibriú go dian agus tuigim nach mbainfidh mé sult as an tsaoire thar lear muna n-éiríonn liom sna scrúduithe.

Seán:     Níl aon dabht ach go bhfuil an ceart agat. Táim lánsásta leis an rogha atá déanta ag an mbeirt againn. Anois, ba cheart dúinn díriú ar an staidéar má táimid chun na pointí arda a bhaint amach san Ardteist.

Mise:    Ceart go leor. Déanfaidh me staidéar anois láithreach ach maidir leis an tsaoire go dtí an Spáinn aon seans go n-athróidh tú d’intinn?







Comhrá Samplach 2

Príomhoide: Dia duit, a Shinéad. Conas atá tú?

Mise: Dia is Muire duit, a Bhean Uí Shé. Tá mé go maith go raibh maith agat ach tá mé ag súil go mór leis na laethanta saoire. Tá gach duine tuirseach traochta agus muid i lár scrúduithe an tsamhraidh.

Príomhoide: I gceann coicíse beidh na scrúduithe thart agus beidh sibh ag baint suilt as na laethanta saoire.

Mise: Tá sé sin fíor. Bhí grúpa againn ag smaoineamh ar dhamhsa mór a chur ar siúl chun deireadh na scrúduithe a chéiliúradh agus chun tús a chur leis na laethanta saoire.

Príomhoide: Sin smaoineamh iontach ach an bhfuil aon áit sa bhaile mór a bheidh sásta seomra a chur ar fáil daoibh?

Mise: Bhuel, chuaigh mé chun cainte leis an mbainisteoir sa teach ósta. Ar mhí-ámharaí an tsaoil ní féidir leo seomra a chur ar fail dúinn níl gach duine sa bhliain os cionn ocht mbliana déag d’aois. Mhol sí dom ceist a chur ar ár bpríomhoide flaithiúil, lách, cineálta an mbeadh sise sásta ligean dúinn an halla spóirt a úsáid!

Príomhoide:
 An as do mheabhair atá tú? Céad caoga de dhaltaí anseo i rith na hoíche! Ní dóigh liom é.

Mise: Éist liom nóiméad. Chuir mé ceist ar choiste na dtuismitheoirí agus tá siadsan sásta a bheith i gceannas ar feadh na hoíche chun a chinntiú nach mbeidh aon phleidhcíocht ar siúl. Beidh ar scoláirí ticéad a cheannach roimh ré agus ní bheidh cead ag aon duine teacht isteach gan ticéad.  Níl ortsa ach an scoil a oscailt agus a chur faoi ghlas arís agus b’fhéidir damhsa nó dhó a bheith agat!

Príomhoide: Bhuel, is cosúil gur smaoinigh tú ar gach rud cheana féin agus is fíor go raibh sibh ag obair go dian le déanaí. Ceart go leor má tá tusa sásta an obair go léir a dhéanamh agus má tá tuismitheoirí sásta a bheith i bhfeighil, táim sásta cead a thabhairt daoibh.

Mise: Míle buíochas, a  Bhean Uí Shé agus geallaim duit go mbeidh gach rud ceart go leor.

Príomhoide: Níl aon dabht ach go mbeidh oíche iontach ag gach duine, a Shinéad.

Mise: Slán leat, a Bhean Uí Shé agus go raibh míle maith agat. Fan go gcloisfidh gach duine an dea-nuacht!









Léamhthuiscint (100 marc)

Ceistanna Samplacha
Déan cleachtaí ó na páipéir

Cad?
Cén fáth/ Cad chuige?
Cén bhaint?
Conas/
Cén chaoi?
Cén sórt/saghas/
cineál?
Ainmnigh
Luaigh
Breac
síos
Pointe eolais amháin
Déan cur síos
Cén  tionchar?
Céard ba chúis leis?
Cén chomhairle?
Cathain?
Cén uair?
Mínigh
Cén t-eolas?
Cá bhfios dúinn?
Cén aidhm?
Cad a deirtear?
Cé?
Cad a bhí cearr?
Cé mhéad?
Cad é/í?
Cá fhad?
Difríocht
Cosúlacht?
Difríocht?
An dóigh leat?
Céard í do thuairim faoi?
An t-údar
An sliocht
Údar an tsleachta












Description: Macintosh HD:Users:mnibhraonain:Pictures:iPhoto Library.photolibrary:Previews:2014:04:23:20140423-214626:N6NNfDyJSQyMxhg6AQ4ejw:IMG_1606.jpg
Description: Macintosh HD:Users:mnibhraonain:Pictures:iPhoto Library.photolibrary:Previews:2014:04:23:20140423-214626:YKLrnIHOQ+KMTG8tp1i6qQ:IMG_1541.jpg
Description: Macintosh HD:Users:mnibhraonain:Pictures:iPhoto Library.photolibrary:Previews:2014:04:23:20140423-214626:cPPvA1SRQcyiPWHFpNmomg:IMG_1600.jpg

Dul Siar ar 
Mo-Ghrá-sa (Idir luibíní)
agus
Géibheann









Oisín i dTír na nÓg







Béaloideas:
Baineann béaloideas na hÉireann leis na scéalta, na dánta, na paidreacha agus na pisreoga a tháinig anuas ó ghlúin go glúin (generation to generation).  

Is bailiúchán scéalta é an Fhiannaíocht a bhaineann le Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna.  Is gnáthdhaoine iad a bhí cróga agus ionraic.  


Bíonn carachtair dhubha agus bhána le feiceáil san Fhiannaíocht.  Mar shampla, is duine gan locht é Oisín agus is carachtar gan maitheas é Fómhar Builleach.  


Is gné tábhachtach é an béaloideas de chultúr na tire seo.  

Ach ní mhaireann sé mórán, a bhuí leis na meáin chumarsáide agus an saol nua-aimseartha ina bhfuil muid.

Tuairim:


Thaitin an sliocht seo go mór liom, mar feicimid bean láidir i gcarachtar Niamh.  Tá tréithe an bhéaloidis le feiceáil go soiléir tríd an scéil.  Tugtar ómós do mhná sna scéalta Fiannaíochta agus Rúraíochta, agus taitníonn sin liom.  Is aoibhinn liom an aoibhneas agus an draíocht a bhaineann le Tír na nÓg.  Tá na mothúcháin sa sliocht corraitheach ar fad.  Is iad grá agus brón na mothúcháin a léirítear. Sa deireadh, fágtar Oisín ina sheanfhear uaigneach, agus cuireann sin brón agus trua an domhain ar an léitheoir. 


Carachtair an scéil:
Oisín:  Is fear láidir, dathúil é Oisín ag tús an scéil seo agus titeann Niamh i ngrá leis.  Tá sé cabhrach mar dhuine – Nuair nach mbíonn na fir ábalta an cloch trom a bhogadh, cabhraíonn sé leo agus caitheann sé an leac san aer.  Is laoch cróga é Oisín sa scéal Fiannaíochta seo.  Ar an mbealach go Tír na nÓg, maraíonn sé an fathach agus ligeann sé saor iníon Rí na mBeo.  Tá sé dílis (loyal) dá athair, Fionn, agus filleann sé ar Éirinn chun é a fheiceáil arís.  Feicimid anseo gur duine maoithneach (sentimental) é.  Is léir gur duine ceanndána é chomh maith mar fágann sé a chlann i dTír na nÓg, cé gur thug Niamh rabhadh (warning) dó faoi cad a tharlódh (what would happen) dá bhfillfeadh sé (if he returned )ar Éirinn. 

''Ná leag do chos ar thalamh na hÉireann, ná leag do chos ar thalamh na hÉireann, ná leag do chos ar thalamh na hÉireann''


Niamh:  Is spéirbhean álainn í Niamh.  Déantar cur síos galánta uirthi ag tús an scéil – Tá gruaig órga uirthi agus súile gorma.  Is carachtar ríoga (royal), uasal (noble) í mar is í iníon rí Thír na nÓg.  D’fhéadfá a rá gur duine leithleach í freisin.  Meallann sí (Entices) Oisín go Tír na nÓg gan bacadh leis na daoine atá fágtha ina dhiaidh.  Is bean láidir, ceanndána í nach bhfuil trua ar bith aici d’Fhionn.  Ach tá sí ciallmhar freisin, mar tugann sí rabhadh faoi thrí d’Oisín gan filleadh ar Éirinn. 


http://irishstudysite.com/ardteistimeireacht/proes/seonna-flash/


Téama an Scéil: Grá/Brón.

Mothúcháin an Scéil

Is scéal béaloideas é Oisín i dTír na nÓg. Tá an ghrá agus an brón mar théamaí ann/tá an ghrá/an brón le feiceáil sa scéal seo. Is scéal grá é ach tá críoch brónach leis.
Grá: Bhí Niamh i ngrá le Oisín. Tháinig Niamh go hÉirinn agus d’aimsigh sí Oisín amuigh ag seilg leis na Fianna. Thit Oisín i ngrá le Niamh nuair a chonaic sé í ar a capall bán. Bhí grá mór ag Oisín dá athair, Fionn Mac Cumhaill, agus na Fianna. Tháinig sé ar ais go hÉirinn ó Thír na nÓg chun cuairt a thabhairt orthu. Thit sé dá chapall agus go tobann bhí sé ina sheanfhear. Chaill sé gach rud mar bhí grá láidir aige dá athair.
Brón: Nuair a chuaigh Oisín go Tír na nÓg le Niamh bhí brón air. Bhí páistí acu ach fós bhí brón air mar ní raibh na Fianna leis. Tháinig Oisín ar ais go hÉirinn ó Thír na nÓg chun cuairt a thabhairt ar a athair agus na Fianna. Nuair a shroich sé Éire d’fhoghlaim sé go raibh na Fianna ar fad marbh. Bhí brón an domhain air. Bhí brón ar an léitheoir do Niamh fágtha ina haonair agus d’Oisín fágtha ina aonair, ina sheanfhear in Éirinn go deo.
Críoch: Cinnte, tá grá/brón le feiceáil sa scéal Oisín i dTír na nÓg.
Carachtair
Oisín: Is fear cabhrach é Oisín. Tugann sé cabhair don ghrúpa fear atá ag baint cloiche. Is fear grámhar é Oisín. Bhí a lán grá aige dá athair, Fionn Mac Cumhaill, dá theaghlach agus do na Fianna. Tháinig sé ar ais go hÉirinn chun cuairt a thabhairt ar a athair agus ar na Fianna. Nuair a shroich sé Éire d’fhoghlaim sé go raibh na Fianna ar fad marbh. Bhí brón an domhain air. Bhí grá mór aige do Niamh freisin.
Niamh: Is bean dhathúil í Niamh. Nuair a chonaic na Fianna í ar a capall bán stop siad chun féachaint uirthi. Is bean ghrámhar í. Thit sí i ngrá le Oisín agus phós siad. Is bean imníoch í. Nuair a chuaigh Oisín ar ais go hÉirinn bhí sí buartha faoi.
Naomh Pádraig: Is fear cineálta é Naomh Pádraig. Thug sé aire mhaith do Oisín nuair a bhí sé ina sheanfhear dall. Is fear Naofa é Naomh Pádraig. Mhúin sé an Bíobla do Oisín mar gur págánach a bhí ann.


Ceisteanna Scrúdaithe:
1)    An maith leat an scéal? Cén fáth?
2)    Ainmnigh rud amháin a thaitin leat agus rud amháin nár thaitin leat.
3)    Céard a thaitin leat faoin scéal?
Is maith liom an scéal/thaitin an scéal liom:
·      Bhain mé taitneamh as na téamaí sa scéal. Is scéal grá é ach tá críoch bhrónach leis…
·      Thaitin an draíocht sa scéal liom mar go ndearna sé an scéal suimiúil agus difriúil.
·      Thaitin carachtar Oisín/Niamh/Naomh Pádraig liom…
·      Thaitin an cur síos ar Thír na nÓg liom. Ní éiríonn aon duine sean ná tinn ann. Ní raibh a fhios ag Oisín go raibh trí céad bliain caite aige i dTír na nÓg.
Ní maith liom an scéal/níor thaitin an scéal liom:
·      Níor thaitin tús agus deireadh an scéal liom nuair a thit Oisín dá chapall. Bhí sé an-bhrónach nuair a tháinig athrú air agus bhí sé ina sheanfhear.
·      Níor thaitin sé liom go raibh brón agus uaigneas ar Oisín. Bhí brón air ag fágáil na Fianna agus Éire. Bhí uaigneas air i dTír na nÓg. Bhí brón an domhain air nuair a d’fhoghlaim sé go raibh na Fianna ar fad marbh.


Físeán faoi Oisín i dTír na nÓg

Páipéar 2:

1. Úsáid an nasc seo chun dul siar ar na scéalta!
Prós (Scéalta)


2. Dul siar ar na dánta




Filíocht
(gnáthleibhéal)






Géibheann
Caitlín Maude (1941 – 1982)

Ainmhí mé
ainmhí allta
as na teochreasa
a bhfuil clú agus cáil
ar mo scéimh

chroithfinn crainnte na coille
tráth
le mo gháir

ach anois
luím síos
agus breathnaím trí leathshúil
ar an gcrann aonraic sin thall

tagann na céadta daoine
chuile lá
a dhéanfadh rud ar bith
dom
ach mé a ligean amach
 
 





                       1. Géibheann

                    Caitlín Maude (1941 – 1982)

Téama:              Is é saoirse agus daoirse téamaí an dáin seo.

Íomhánna:         Tá lán íomhánna láidre sa dán seo: 
                           Orthu siúd atá:
                                ● chroithfinn crainnte… – íomhá na cumhachta
                                ● breathnaím trí leathshúil – íomhá na tuirse
                                ● tagann na céadta…coimhthíos i measc an tslua

Uaim:                 Úsáideann an file uaim sa dán.  Mar shampla:
                                    ● ainmhí allta
                                    ● chroithfinn crainnte na coille

Mothúcháin:      frustrachas agus éadóchas sa dán seo:
                           Is cuimhin leis an fhile lá nuair a bhí sí saor
                           lá arbh fhéidir léi na crainn a chroitheadh lena
                           glór ach anois tá sí ina príosúnach. Níl i ndán
                           di inniu ach frustrachas agus éadóchas.

Ábhar:                Deir an file gur ainmhí fiáin í arbh fhéidir léi uair dá
raibh, na crainn a chroitheadh lena glór amháin. Ach anois is príosúnach í agus cé go dtagann na sluaite lena feiceáil gach lá ní bhíonn aon duine acu sásta í a shaoradh óna géibheann cruálach.

Éifeacht:            Is maith liom an dán seo mar is léir gur meafar
                           é an t-ainmhí allta do dhuine ar bith a mhothaíonn
                           go bhfuil sé ina chime ag an saol mór.  Is glao ar
cúnamh é an dán seo ach an bhfuil aon duine ag
éisteacht le glao an fhile?

Meadaracht:     saorvéarsaíocht







Colscaradh
Pádraig Mac Suibhne (1942 -)


Shantaigh sé bean
i nead a chine,
faoiseamh is gean
ar leac a thine
aiteas is greann
i dtógáil clainne.

Shantaigh sí fear
is taobh den bhríste,
dídean is searc
is leath den chíste
saoire thar lear
is meas na mílte.

Thángthas ar réiteach.
Scaradar.

 
 


2. Colscaradh
Pádraig Mac Suibhne (1942 -)

Téama:              Grá casta an phósta a threoraíonn faoi dheireadh chuig an cholscaradh is ea téama an dáin seo.

Íomhánna:         Tá a lán íomhánna láidre sa dán seo,
                           orthu siúd atá:
·      nead a chine – fonn sleachta ar an fhear
·      ar leac a thine – fonn bheith lonnaithe síos
·      taobh den bhríste – comhroinnt cumhachta
·      leath den chíste – comhroinnt i gcúrsaí airgid

Rím/ Rithim:      Baineann an file úsáid fhorleathan as rím agus rithim sa dán seo. Maidir le rím:
·      i véarsa a haon agus a dó: AB,AB,AB.
Úsáideann an file an rithim go cliste chun críoch thobann éifeachtach a chur leis an dán seo:
·      ‘Thángthas ar réiteach…scaradar’.

Mothúcháin:      greann agus éadóchas sa dán seo:
greann ann mar tá an file go fuarchúiseach ag    cur síos ar na rudaí atá á lorg ag an bhfear agus ag    an mbean – amhail liosta siopadóireachta.
Ansin tá an réiteach tugtha aige mar charúl glic
(punch line):  - ‘scaradar’. Tá éadóchas ann freisin mar is minic nach mbíonn go leor den tiomantas (commitment) i bpóstaí nua-aoiseacha.
                          
Ábhar:                Tá teach, grá agus clann ag teastáil ón bhfear.
Tá comhroinnt, searc agus eachtraíocht ag teastáil         ón bhean. Níl aon reiteach ar an scéal ach scaradh.

Éifeacht:            Is maith liom an dán seo mar tá smaointe an fhile tugtha go fileata cliste agus is breá liom an rím agus an rithim rialta atá sa dán freisin; rud, faraor, nach mbuailtear leis go minic i bhfilíocht an lae inniu.






 Mo Ghrása idir lúibíní
Nuala Ní Dhomhnaill (1952 -)

Níl mo ghrá-sa
Mar bhláth na n-airní
A bhíonn i nGairdín
(nó ar chrann ar bith)

is má tá aon ghaol aige
le nóiníní
Is as a chluasa a fhásfaidh siad
(nuair a bheidh sé ocht dtroigh síos)

ní haon ghlaise cheomhar
iad a shúile
(táid róchóngarach dá chéile
ar an gcéad dul síos)

Is más slim í síoda
tá ribí a ghruaige
(mar bhean dhubh Shakespeare)
ina wire deilgní.

Ach is cuma sin.
Tugann sé dom
Úlla
(is nuair a bhíonn sé
i ndeá-ghiúmar caora
fíniúna)
 
 




  3. Mo Ghrása idir lúibíní

Nuala Ní Dhomhnaill (1952 -)

Téama:              Grá pearsanta atá mar théama don dán seo.

Íomhánna           Tá a lán íomhánna seanchaite sa dán seo,
                           orthu siúd atá::
                                ● ‘Mar bhláth na n-airní’ íomhá a úsáidtear
                                      sna hamhráin tíre, cf. An Draighneán Donn:
                                    “Tá mo ghrá-sa mar bhláth na n-airní a bhíos
                                     ar an Draighneán Donn”
                                ● ‘Ta ribí a ghruaige ina ‘wire’ deilgní’ - íomhá
     tógtha ó shoinéad cáiliúil de Shakespeare: ‘If    
     hairs be wires, black wires grow on her head.”

Mothúcháin:      drochmheas (contempt) agus géilliúlacht dá
cinniúint dhosheachanta (resignation the inevitability
of her fate) an dá mhothúchán is láidre sa dán seo.
                           Tá drochmheas ag an fhile ar a grá mar dar léi tá
                           tá sé go hurghránna (hideous) ar fad.  Ach tá an
                           ghéilliúlacht le feiceáil anseo freisin nuair a lorgaíonn
                           sí leithscéalta bacacha chun fanacht leis - tugann sé
bronntanais shuaracha di ó am go chéile.

Ábhar:                Dán faoi ghrá aisteach an fhile d’fhear éigin gan mhaith.
                           Fanann sí leis mar tugann sé úlla di. Sin na rudaí a theastaíonn sa saol

Éifeacht:            Sa dán seo, tá an file ag magadh faoina grá. Déanann sí cur síos air agus ag an deireadh ceapaim sí go bhfuil                              pearsantacht iontach aige agus mar sin is cuma leí.






An Spailpín Fánach
Ní fios cé chum an dán

Im spailpín fánach táim le fada
   ag seasamh ar mo shláinte,
ag siúl an drúchta go moch ar maidin
   ‘s ag bailiú galair ráithe;
ach glacfad fees ó rí na gcroppies,
   cleith is píc chun sáite
‘s go brách arís ní ghlaofar m’ainm
   sa tír seo, an spailpín fánach.

Ba mhinic mo thriall go Cluain gheal Meala
   ‘s as seo go Tiobraid Árann;
i gCarraig na Siúire thíos do ghearrainn
   cúrsa leathan láidir;
i gCallainn go dlúth ‘s mo shúiste im ghlac
   ag dul chun tosaigh ceard leo
‘s nuair théim go Durlas ‘s é siúd bhíonn agam -
   “Sin chugaibh an spailpín fánach!”

Go deo deo arís ní raghad go Caiseal
   ag díol nó ag reic mo shláinte
ná ar mhargadh na saoire im shuí cois balla,
   im scaoinse ar leataobh sráide,
bodairí na tíre ag tíocht ar a gcapaill
   á fhiafraí an bhfuilim hireálta;
‘téanam chun siúil, tá an cúrsa fada’ –
   siúd siúl ar an spailpín fánach.




 
 













4. An Spailpín Fánach
Ní fios cé chum an dán seo.

Téama:              Éirí amach in aghaidh ansmachta agus
mí-úsáide is ea téama an dáin seo.

Cúlra stairiúil:  Ag deireadh na hochtú haoise déag bhí saol crua
ag muintir na hÉireann.  Tugadh ‘croppies’  mar ainm
maslach ar na hÉireannaigh a thóg páirt in Éirí Amach 1798 (seacht déag nócha a hocht) mar bhí a gcuid
gruaige gearrtha siar. Níor theastaigh a thuilleadh ó na
sclábhaithe feirme a bheith ag obair ar phá íseal do
na tiarnaí talún mar sin chuaigh siad i muinín arm.
                                   
Mothúcháin:      náire, fearg, bród agus frustrachas sa dán seo:
náire ar an fhile mar gheall ar an droch-chaoi atá
ar a shaol mar ‘scaoinse ar leataobh sráide’. fearg
air mar tá sé tinn ‘ag bailiú galair ráithe’. - tá sé réidh
fiú daoine a mharú le ‘cleith is píc chun sáite’. bród
air mar is léir dó go bhfuil sé níos fearr ná aon oibrí eile
agus é ‘ag dul chun tosaigh ceard leo’.  Is soiléir freisin
go bhfuil frustrachas air agus go dteastaíonn uaidh a
                           shaol a athrú go huile agus go hiomlán : Is go brách
                           arís ní ghlaofar m’ainm sa tír seo, an spailpín fánach.”

Ábhar:                Deir an file go bhfuil sé chun saol an sclábhaí feirme
                           a fhágáil mar bíonn saol maslach crua aige. Tá sé chun
páirt a ghlacadh san Éirí Amach 1798.

Éifeacht:            Is amhrán éifeachtach traidisiúnta é ‘An Spailpín Fánach’. Is léir dúinn, dar liom, dáiríre agus déine na mothúchán i gcroí an fhile.  Tugann an dán seo blas beag den saol crua maslach a bhí ag a lán daoine in Éirinn faoin am sin – rud, b’fhéidir, atá deacair dúinn a thuiscint inniu.

Meadaracht:     meadaracht an amhráin








An tEarrach Thiar
Máirtín Ó Direáin (1910 -1988)

Fear ag glanadh cré
De ghimseán spáide,
Sa gciúnas séimh
I mbrothall lae:
   Binn an fhuaim
   San Earrach thiar.

Fear ag caitheamh
Cliabh dá dhroim
Is an fheamainn dhearg
ag lonrú
I dtaitneamh gréine
Ar dhuirling bhán
   Niamhrach an radharc
   San Earrach thiar.

Mná i locháin
In íochtar diaidh-thrá
A gcótaí craptha,
Scáilí thíos fúthu:
   Támh-radharc síothach
   San Earrach thiar.

Toll-bhuillí fanna
Ag maidí rámha,
Currach lán éisc
Ag teacht chun cladaigh
Ar ór-mhuir mhall
I ndeireadh lae
   san Earrach thiar.
 
 








5   An tEarrach Thiar
     Máirtín Ó Direáin (1910 -1988)

Téama:              Is é grá don áit dhúchais téama an dáin seo.

Íomhánna:         Tá a lán íomhánna láidre simplí sa dán seo. 
                           Orthu siúd atá:
                                ● fear ag glanadh créafóige dá spáid
                                ● fir ag tógáil bascaeid mhóra dá ndroim
                                ● mná i linnte - a scáthanna san uisce le feiceáil
                                ● na hiascairí ag filleadh ar fharraige órga agus
                                    buillí bodhra a mbataí rámha le cloisteáil.

Ciútaí:                Úsáideann an file a lán cleas fileata sa dán seo,
Mar shampla:
                                ●  Baineann an file úsáid éifeachtach as an athrá:
                                - ag ceann gach véarsa - “San Earrach thiar”         
                                ●  Éiríonn leis an fhile radhairc niamhracha a
                                athchruthú le cúpla focal atá tofa go cliste aige,
                                ●  Tá macántacht agus dáiríre le mothú i stíl
                                    shimplí nádúrtha an dáin féin. Labhródh an
                                    dán seo le duine ar bith, idir óg agus aosta.                                        
Mothúcháin:      uaigneas agus cumha le haireachtáil sa dán seo:
                           Is léir go bhfuil uaigneas ar an fhile agus é ag cur síos
                           ar a oileán dúchais. Is soiléir freisin go spreagann na
                           híomhánna áille niamhracha atá sa dán seo cumha inár
gcroí agus ní gá dúinn fiú cuairt a thabhairt, ná súil a leagadh, ar an oileán féin ós rud é go n-éiríonn leis
an fhile sinn a thabhairt siar leis go hÁrainn ar sciatháin draíochta a cheirde.
                                   
Ábhar:                Tá an file ag cuimhneamh ar na radhairc choitianta a
fheiceann sé ar a oileán dúchais san Earrach.

Éifeacht:            Is maith liom an dán seo mar tá mé ábalta na radhairc
                           atá cruthaithe sa dán seo a fheiceáil go héasca agus
                          úsáideann an file teanga álainn chun a chuid smaointe a chur in iúl.