An Chúigiú Bhliain

“Níl smacht níos mó ag daoine ar a saol” Díospóireacht

A chathaoirligh, a mholtóirí, a mhúinteoirí, a chomhscolairí agus a lucht an fhreasura, aontaím go huile is go hiomlán leis an rún (raiteas) seo. Níl aon amhras ach go bhfuil neart cúiseanna ag baint leis an easpa smachta a mbíonn ag daoine ar a saol na laethanta seo. Cuirim féin an millean iomlán ar an rialtas nach ndéanann púinn iarrachta an fhadhb seo a réiteach. Is cuma leo sa tsioc fad is atá a sáith de rachmas acu! San aiste seo déanfaidh mé iarracht an cheangail idir an easpa smachta seo agus na fadhbanna ba mhó in ár sochaí a léiriú. Pléfidh mé an brú ollmhór a bhfuil ar dhaoine sa lá atá inniu ina gcuid bpostanna agus sna scoileanna. Léireoidh mé an fhadhb phráinneach atá againn sa tír seo maidir le halcól. Labhróidh mé faoi dhrugaí in ár sochaí agus an tionchar mhillteaneach a bhfuil acu ar mhuintir na hÉireann le cruthú go bhfuil saol an duine imithe in olcas le déanaí toisc an easpa smachta seo.

Ní feidir a shéanadh ach go bhfuil brú dochreidte ar gach mac máthar inár sochaí sa lá atá inniu. Tá an brú sin ag éirí as smacht gan dabht ar bith. Is iomaí cúis a luaitear leis an méadú sin. Bíonn muintir na tíre seo ag obair ó dhubh go dubh chun caighdéan maireachtála sásúil a chur a fáil dá gclanna féin. Áfach, níl aon dabht againn anois ach go bhfuil an Tíogar Ceilteach ar a chos deireadh. A thúisce a oslcaítear an nuachtán léitear fianaise scanrúil faoi chomhlachtaí idirnáisiúnta ag bogadh a gcuid monarchana go tíortha eile toisc méadú costasaí. Cuireann sé imní agus brón orm na scéalta seo a chloisteáil agus is eol don saol nach gcruthaíonn an brú sin ach tuilleadh fadhbanna. Ní feidir a bheith ag plé brú sa tír seo gan caint faoin mbrú ollmhór a bhfuil ar dhaltaí timpeall na tíre seo toisc rás na bpointí. Níl aon choras gan locht ach ní fheicimse ach fabhbanna nuair a smaoiním ar an gcoras sin.

Ardaíonn na pointí bliain i ndiaidh bliana. De réir an dearcadh caolaigeanta a bhfuil ag beagnach chuile dhuine sa tír seo ní feidir dul chun cinn a dheanamh sa saol gan céim de shaghas éigin. Caithfimid teacht ar réiteach na faidhbe chun déileáil leis an mbrú seo mar táimid ag cailliúnt smachta air gan aon agó. De réir na saineolaithe tá fadhb an óil ag éirí as smacht sa tír seo. Ní feidir a shéanadh ach go bhfuil an ceart acu. Tá cultúr an óil agus fochultúr na meisce i measc daoine óga inniu. Is oth liom a rá go bhfuil fadhb an óil ag milleadh an tsaoil ar mhuintir na tíre seo. Tá ceangail buan againn idir an t-ól agus ár gcultúr. Tagann na mílte turasoirí anseo chun sult is spraoi a bhaint as an “gcraic” in ár dtithe tabhairne. Nach mór an trua é go bhfuilimid ag loiteadh an samhail iontach mealltach seo. Baineann daoine úsáid as alcól chun éalú óna gcuid fadhbanna agus bíonn daoine ag brath ar alcól chun misneach a thabhairt dóibh. Ach cruthaíonn fadhb an óil níos mó fadhbanna. Milleann agus loiteann sé saolta. Bíonn fabhbanna, teannas agus argóintí sa teaglach. Cailleann daoine a bpostanna agus cailleann siad aon smacht a bhí acu ar a saol. Is docha a bhíonn athrú bunúsach riachtanach i meon mhuintir na tíre seo a cheapann gur chuid an-lárnach den saol é an t-alcól. Ina dteannta sin, caithfidh an rialtas feachtas a chur ar bun chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine chun an fhadhb seo a smachtú


Is eol do chách go bhfuil ceangail díreach idir fadhb an óil agus fadhb na ndrugaí. Baintear úsáid as drugaí chun an faoiseamh cheanna as thugann alcól ó bhrú an tsaoil a fháil, ach cruthaíonn drugaí an méid cheanna fadhbanna freisin. Nuair a bhíonn daoine ar meisce bíonn sé an-deacair cathú na ndrugaí a throid. Is bealach isteach é an t-alcól do shaol na ndrugaí. Is eol don saol go n-iompaíonn andúileach ar choiriúlacht agus ar fhóiréigin toisc nach feidir leo maireachtáil gan drugaí. Tá sé thar abheith in am dúinn dul i ngleic leis na fadhbanna seo agus smacht a thabhairt ar ais do dhaoine ar a gcuid saolta féin.

San aiste seo phléigh mé an brú ollmhór atá ar dhaoine sa lá atá inniu ina gcuid bpostanna agus sna scoileanna. Léirigh mé an fhadhb práinneach atá againn sa tír seo maidir le halcól. Labhair mé faoi dhrugaí in ár sochaí agus an tionchar mhillteaneach a bhfuil acu ar mhuintir na hÉirinn agus d’aibhsigh mé go bhfuil saol an duine imithe in olcas le déanaí toisc nach bhfuil smacht níos mó ag daoine ar a saol. Caithfimid déileáil leis an bhfadhb práinneach seo anois mar “I dtús na haicíse is fusa í a leigheas”

 Aistí Samplacha:
“Is santach agus mímhacánta iad an t-aos óg” É sin a phlé
Sobaldramaí – scáthán ar shaol ár linne
An Sean agus an Nua in Éirinn
“Níl muinín ag an bpobal as na Gardaí inniu”



An Sean agus an Nua in Éirinn inniu

-alt faoi dhaoine óga (buntaistí, spórt, deiseanna (opportunities) )
-fadhbanna atá sa tír (alcól, drugaí, coiriúlacht (crime)
-alt faoi sheandaoine (buntaistí, an saol atá acu, athruithe (changes)
-alt faoin rialtas agus faoin gcaighdeán maireachtála atá ag daoine