Scéal: An Cuairteoir
Scríobh an scéal san Aimsir Chaite
Úsáid briathra difriúla
Scéal - An Cuairteoir
Go tobann, osclaíodh doras an tseomra ranga (the classroom door was opened) agus chonaiceamar an cuairteoir. Ligeamar ar fad béic asainn. Lig cúpla duine osna bróin astu. Cé a bhí ann ach Brian O’Driscoll. Thugamar bualadh bos dó agus thosaigh sé ag caint linn ar feadh tamaill. Chuireamar a lán ceisteanna air faoina shaol agus faoin méid traenáil a bhíonn le déanamh aige. D’fhreagair sé gach ceist a chuir muid air, fiú na ceisteanna amaideacha a chur cúpla duine!
Shínigh sé roinnt cóipleabhair agus leabhair ansin, fiú leabhar an mhúinteoir Béarla! Bhain mé an-taitneamh as an lá sin mar is é Brian O’Driscoll an pearsa spóirt is fearr liom. Bhí mé ar mhuin na muice ag dul abhaile an lá sin. Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an lá sin go deo!